Comhoibriú Idirnáisiúnta

Déanann an Oifig comhoibriú le hinstitiúidí iniúchóireachta i dtíortha eile san Eoraip agus timpeall an domhain. Leis an gcomhoibriú, féadann an Oifig cur lena chuid eolais ar dhea-chleachtas agus a eispéireas agus éachtaí a roinnt. Is é príomhaidhm an chomhoibrithe idirnáisiúnta ná an riarachán poiblí a láidriú. Cuireann an Oifig go toilteanach le réimse an chumais láidrithe maoirseachta agus iniúchóireachta de chuid tíortha i mbéal forbartha.

Tá Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina chomhalta de roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta de chuid Uasfhorais Iniúchóireachta.

An Eagraíocht Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta (INTOSAI)

Feidhmíonn INTOSAI mar scátheagraíocht ar an bpobal iniúchóireacht seachtraí rialtais. Eagraíocht féinriartha, neamhspleách agus neamhpholaitiúil atá ann ina bhfuil 195 comhalta iomlán, 5 chomhalta chomhlacha agus 2 ball cleamhnaithe. Is é cuspóir INTOSAI ná ardán a chur ar fáil don roinnt eolais i measc Uasfhorais Iniúchóireachta, iniúchóireacht rialtais ar fud an domhain a fheabhsú, agus cumais ghairmiúla a fheabhsú.

Déanann INTOSAI Caighdeáin Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta (ISSAI) a údarú agus a cheadú, ina sonraítear na réamhriachtanais bhunúsacha le haghaidh feidhmiú ceart agus iompar gairmiúil na nUasfhoras Iniúchóireachta agus prionsabail bhunúsacha na hiniúchóireachta ar eintitis phoiblí.

Buaileann comhaltaí an INTOSAI le chéile uair gach trí bliana ag cruinniú de chuid Chomhdháil Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta (INCOSAI). Is orgán uachtarach an INTOSAI é an INCOSAI. Is comhaltaí den INCOSAI iad comhaltaí uile INTOSAI. Sa chruinniú seo, tugtar deis do chomhaltaí eispéireas a roinnt, ceisteanna a phlé agus moltaí a eisiúint chun cuntasacht rialtas ar fud an domhain a fheabhsú. Tionóladh an cruinniú is déanaí sa Bhrasáil in 2022.

Fochoiste Iniúchta Feidhmíochta INTOSAI

Ceapadh an Oifig ina Cathaoirleach ar Fhochoiste Iniúchta Feidhmíochta INTOSAI (PAS) i mí na Samhna 2022.

Is fochoiste de chuid an Choiste um Chaighdeáin Ghairmiúla é PAS (ceann de cheithre choiste spriocanna de chuid INTOSAI). Is é PAS pobal saineolaithe INTOSAI ar iniúchadh feidhmíochta na hearnála poiblí agus tá sainordú aige lena n-áirítear caighdeáin agus treoirlínte a fhorbairt maidir le hiniúchadh feidhmíochta.

Tagann baill PAS le chéile uair sa bhliain agus d'óstáil Oifg Iniúchóireachta Stáit na Seoirsia cruinniú bliantúil 2024 in Tbilisi na Seoirsia ar an 5 - 6 Márta 2024 (féach an grianghraf thíos). Tionóladh cruinniú 2023 i mBaile Átha Cliath agus ba í Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a d'ostáile é.

Full-group

An Eagraíocht Eorpach Uasfhoras Iniúchóireachta (EUROSAI)

Tá EUROSAI ar cheann de na seacht ngrúpaí oibre réigiúnacha a bunaíodh faoi INTOSAI. Tá 51 Uasfhoras Iniúchóireachta ann (50 Uasfhoras Iniúchóireachta Eorpacha agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa).

Tá an cuspóir foriomlán céanna ag EUROSAI le INTOSAI, ach tá sé dírithe ar eolas a roinnt agus comhoibriú gairmiúil i measc na nUasfhoras Iniúchóireachta atá bunaithe san Eoraip. Tá sé mar aidhm ag EUROSAI léann na hiniúchóireachta earnála poiblí a chur chun cinn agus oibriú i dtreo comhoiriúnú téarmaíochta i réimse na hiniúchóireachta poiblí.

Buaileann comhaltaí an EUROSAI le chéile uair gach trí bliana ag cruinniú de chuid Chomhdháil EUROSAI.

Cuairteoirí idirnáisiúnta 

Chuir Colette Drinan, Rúnaí agus Stiúrthóir Iniúchóireachta, agus Deirdre Quaid, Stiúrthóir Iniúchóireachta fáilte roimh Nancy Gathungu Uasal, Ard-Iniúchóir na Céinia a thug cuairt ar ár nOifig, Déardaoin 2 Samhain 2023.

Kenyan-AG-visit-Copy-1

An Coiste Teagmhála

Is éard atá sa Choiste Teagmhála ná tionóil de Cheannasaithe na nUasfhoras Iniúchóireachta san Aontas Eorpach agus de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Tá sé féinrialaitheach, neamhspleách agus neamhpholaitiúil. Is é misean an Choiste Teagmhála ná comhoibriú a fheabhsú i measc na gcomhaltaí chun iniúchóireacht sheachtrach agus cuntasacht san AE a fheabhsú. Chun cur le feabhsú bhainistíocht airgeadais an bhuiséid Comhphobail agus leis an dea-rialachas, déanann an Coiste Teagmhála gníomhaíochtaí coiteann laistigh den Aontas Eorpach a thacú, a thosú agus a chomhordú.

Tá Oifigigh Idirchaidrimh ó gach Ballstát le chéile ina líonra gníomhach de theagmhálaithe gairmiúla ar fud na hEorpa. San áireamh sa Choiste Teagmhála tá grúpaí oibre, líonraí agus tascfhórsaí ar ábhair shonracha i ndáil leis an iniúchóireacht.

Buaileann comhaltaí an Choiste Teagmhála le chéile uair sa bhliain. Tá cruinniú an Chosite Teagmhála 2024 le hóstáil ag Oifig Iniúchóireachta Phoblacht na Cipire.

Ráitis an Choiste Teagmhála

I mí an Mhárta 2022, d'eisigh an Coiste Teagmhála litir chuig gach ball de INTOSAI chun seasamh suas ar son na síochána agus chun tacú le daoine, leis an Stát agus le hinstitiúidí na hÚcráine. Tá an litir thíos.

Litre ón gCoiste Teagmhála chuig baill INTOSAI

I mí na Samhna 2023, d’fhoilsigh an Coiste Teagmhála ráiteas (CC 1/2023) ag tacú le ról bunreachtúil, le sainordú agus le neamhspleáchas Oifig Uachtarach Iniúchóireachta na Polainne. Tá nasc chuig an ráiteas thíos.

Ráiteas an Choiste Teagmhála (CC 1/2023)

Ballraíocht ar bhoird iniúchóireachta, grúpaí oibre agus fóraim eile

Cuireann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ionadaithe le freastal ar chomhdhálacha agus chun suí ar ghrúpaí oibre, tascfhórsaí agus fóraim a fheabhsóidh obair na hOifige agus an iniúchóireacht earnála poiblí go hidirnáisiúnta. Faoi láthair, tá an Oifig ag glacadh páirte i roinnt grúpaí oibre, tascfhórsaí agus tionscadal, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • An Líonra Iniúchta um Beartas Fioscach
  • Grúpaí Oibre INTOSAI agus EUROSAI um Iniúchadh Comhshaoil
  • Tionscadal Malartaithe Faisnéise Tagarmharcála EUROSAI
  • Bunachar Sonraí Iniúchtaí EUROSAI
  • Fóram Iniúchóireachta Poiblí

Cuireann an Oifig freisin le cuntasacht agus maoirseacht Eorpach agus Idirnáisiúnta trí bhallraíocht rothlach i roinnt bord iniúchóireachta de chuid comhlachtaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta. Tá ionadaíocht ag an Oifig faoi láthair ar an gcoiste meastóireachta agus comhairleach seo a leanas:

  • An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

Foireann ar iasacht agus dualgais eile

Ó am go chéile, téann comhaltaí foirne ar iasacht go hidirnáisiúnta. I measc na n-iasachtaí foirne a bhí ann le deireanas, bhí socrúcháin in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste in Victoria na hAstráile. Tagann comhaltaí foirne ar iasacht chugainn chomh maith – i measc na gcomhaltaí foirne ar iasacht chugainn ó áiteanna thar lear bhí comhaltaí ón nGearmáin, Seirbia agus ón Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Féadfaidh sé, chomh maith, go mbíonn comhaltaí foirne páirteach in obair eile idirnáisiúnta, de réir mar a thagann sé aníos. Mar shampla, roghnaíodh ainmní de chuid na hOifige le haghaidh comhaltas ar Choiste Maoirseachta OLAF, an Ghníomhaireacht Eorpach Frith-Chalaoise agus cuirtear ball foirne ar iasacht chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar attache le hUachtarán na Cúirte.